School: Drom Clúmhach (Dromclogh) (roll number 16246)

Location:
Dromclogh, Co. Cork
Teacher:
Riobárd Ó Ceallaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 378

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0282, Page 378

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Drom Clúmhach (Dromclogh)
  2. XML Page 378
  3. XML “Eachtra san Afraic”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí Éireannach ag teacht abhaile ón Aifric. Sa tslighe dhó do casadh sluagh mór fear air agus dubhradar leis gur theastuigh ó Rí na Tíre é d'fheicsint agus go ndubhairt an Rí leó an fear, a chapall agus gach rud a bhí ag an bhfear a thabhairt leó. Dubhairt an fear leis féin go gcaithfeadh sé rud a dhéanamh ar an Rí.
    Chuaidh sé in-éinfeacht leis an fearaibh agus nuair a bhí timcheall leath-mhíle curtha aca do stadadar agus dubhradar len'a chéile i dteangain nár thuig an fear "Déanfaidh an áit seo an gnó"! Gan focal eile do rádh do bhaineadar a hata dhe agus do chaitheadar ar an dtalamh é. Do ghearradar na cnaipí a bhí ar chóta an fhir agus chuireadar 'na bpócaí iad. Ansan do thógadar gach rud a bhí 'na phócaí ón bhfear agus chuireadar 'na bpócaí féin iad.
    Tháinig scannradh mór ar an bhfear ansan agus d'iarr sé ortha é do leigint saor acht níor thugadar aon fhreagra air. Tar éis tamaill dubhradar leis a chóta a bhaint de. Dhiúltuigh an fear dhóibh. Dubhairt na fir ansin go gcrochfaidís é. Nuair a chualaidh an fear é sin dubhairt sé leis féin go ndéanfadh sé mar a dubhradh leis. Ansan do bhain sé dhe a chuid éadaigh go léir agus do luigh sé síos ar an dtalamh. Thosnuigh sé ag creathadh leis an bhfuacht.
    Do dhein na fir géar-scrúdú ar a chuid éadaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Mathghamhna
    Gender
    Male
    Age
    50
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Dromclogh, Co. Cork