Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh) (uimhir rolla 16246)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Riobárd Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Drom Clúmhach (Dromclogh)
- XML Leathanach 367
- XML “Scéalta - An Gobán Saor, Conas a Fuair a Mhac a Bhean”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- - Domhnall (Fada) Ó Súilleabháin, Gleann Créadhach
Lá amháin do chuir an Gobán Saor a mhac go dtí an margadh chun croiceann caorach do dhíol, agus dubhairt sé leis "an Croiceann caorach do dhíol, agus dubhairt sé leis "an Croiceann is a luach" do bhreith abhaile leis. Do chuaidh an mac go dtí an margadh agus sa tslighe dhó do casadh cailín air agus d'fhiafruigh sí dhe cad é an luach a bhí ar an gcroiceann. D'fhreagair seisean go ndubhairt a athair leis "an croiceann is a luach do bhreith abhaile leis.
"Ní chasfaidh aoinne ort a thabharfaidh é sin duit" arsa an cailín.Ansan do chuaidh an mac abhaile agus d'innis sé scéal d'á athair - gur casadh cailín air agus go ndubhairt sí leis ná fuigheadh sé '"an croiceann is a luach" ó aoinne.Lá 'r na mhárach do chuir an t-athair an mac go dtí an margadh airís agus dubhairt leis "an croiceann is a luach" do bhreith abhaile leis. Do chuaidh an mac go dtí an margadh airís agus sa tslighe dhó do casadh cailín eile air agus d'fhiafruigh sí dhe cad é an luach a bhí ar an gcroiceann. D'fhreagair an mac go ndubhairt an t-athair leis "an croiceann is a luach" do bhreith abhaile leis. "Tá go maith," arsa an cailín. Do thóg sí an croiceann uaidh agus do pioc sí an olann de. Ansan do thug sí an croiceann ar ais dó agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Creach, Co. Chorcaí