School: Baile Mhúirne (C.)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 414

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0331, Page 414

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 414
  3. XML “Eachtra Mic Rí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí rígh ann uair agus bhí trúir mac aige. Bhí ana ghrádh ar fad aige de'n beirt mhac ba shine ach is ar éigin a labharfadh sé leis an mac ab' óige in-aon-chor. Seán ab' ainm de'n buachaill óg. Pé sgéal é bhí an rígh ag eirghe aosta fá'n am so agus do dhein sé udhacht aon lá amháin.
    Bhí tig mór eile aige in inead an pháláis agus d'fhág sé an pálás ag an mac ba shine agus an tig mór ag an dtarna mac agus míle púnt de'n fear óg gan aon tig ná aon rud eile ach a bhóthar a chur de. Cúpla mí 'na dhiaidh san do fuair an rígh bás agus do chuireadh é.
    Cúpla lá 'na dhiaidh san do thug an buachaill ab'óige a bhóthar air. Ní raibh sé imthighthe ró-fhada in-aon-chor nuair a chasadh sean-fhear bocht air agus d'iarr sé déirc ar an mbuachaill. Níor dhein an buachaill pioc ach a lámh a chur na phóca agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Shúileabháin
    Gender
    Female
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork
    Informant
    Bean Sheán Uí Luasaigh
    Gender
    Female
    Age
    68
    Address
    Baile Mhic Íre, Co. Cork