Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do thóadh sé an eochair timcheall leis i gcómhnuidhe. An lá so do chuaidh sé amach agus d'fhág sé an eochair 'na dhiaidh ar an mbóthar. Do phioc Seán suas é agus do chuir sé 'na phóca airís é. Ní raibh a fhios ag an bhfathach gur chaill sé é in-aon-chor é agus ní dubhairt sé pioc mar gheall air am dhínnéara.
An oidhche sin do chuir Seán iarann isteach sa teine agus nuair a shuidh an fathach chun an bhúird do thóg sé an iarann dearg amach as an dteine agus do bhuail sé an fathach leis agus do mhairbh sé é. Ansan do chuaidh sé go dtí an cómhra agus do thóg sé an mála óir amach as agus ansan do thóg sé an cailín síos go dtí a mháthair agus do phós sé í agus do chuadar ar chuaird chun an rígh agus do mhaireadar go séimh suaimhneasach as san go dtí lá a mbáis.- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Bean Seáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Cork