Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do chuir sé an mála isteach sa chómhra 7 do chuir sé an glas air. Nuair abhí an méid sin déanta aige do thuit a chodladh air in aice na teine agus do thuit a chodladh ar an mbuachaill in-aice na teine, istig sa chorcán.
Nuair a dhúisig Seán ar maidin bhí an fathach agus an cailín ag ithe a mbricfeast. Nuair a bhí sé ithte aca do chuaidh an fathach amach airís. Tháinig Seán amach as an gcorcán agus do thug an cailín breicfeast breágh do. Thosnuighdear ag caint. D'innis sí dho gur inghin rígh í féin ach gur thóg an fathach í trí bliadhna ó shoin agus gurb'é sin an céad Críosdaidhe a chonnaic sé ó shoin. D'fhanadar ag caint ar feadh abhfad go dtí gur airighdear an fathach ag teacht agus annsan do chuaidh an buachaill isteach sa corcán arís. An oidhche sin do thug an fathach tuille óir leis.
Do thosnuig sé ag cómhaireamh an t-ór agus ag ól an fíona mar ba ghnách(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Bean Seáin Uí Luasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí