School: Baile Mhúirne (C.)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus a dhaoine go léir ana bhrónach.
Do chuireadh fógra amach 'á rádh dá b'faghadh aoinne an cailín go b'féadfadh sé í a phósadh agus go bféadhfadh sé an rígheacht a ríaghlú ach ní b'fuarathas aoinne riamh fós a fhéadfadh é a dhéanamh.
Tar-éis do bheith sa páláis ar féadh bliana nó mar sin do chuimhnig sé ar dhul abhaile.
Chuaidh sé abhaile ach nuair a shrois sé an áit do fuair sé amach go raibh a athair is a mháthair tar-éis bháis.
Bhí an talamh agus an t-airgead go léir roinnte ag an gcuid eile eatortha féin.
Ní raibh pioc fágta do Sheán. "An mbeidh pioc fágtha agam-sa as an saidhbhreas go léir"? ar seisean
"Conus abhí a fhios againn go rabhais beo in-aon-chor"? ar siad "nuair a fhanais as baile chómh fada san"(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabhaín
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Siobhán Bn. Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork