School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 323
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- TomhaiseannaDo ritheas agus do bhraitheas, do chúarduigheas agus ní bhfúaireas, dá bhfaghainn é, caithinn úaim é agus núair ná fuaireas é do thugas liom é.
Fr = DealgChaitheas in áirde é chómh bán le sneachta agus tháinig sé anúas ina ór buidhe leachta.
Fr = UbhTobairín fíor uisce ar fíor bán an tsléibhe funneóigín gloine agus doraisín cré.
Fr = SúilCeathrar ag rith, ceathrar ag crith, beirt ag déanamh eolais agus mac an gioblacháin ag rith ‘na ndíaid.
Fr = Bó ag rithChím sa chúinne é agus dá chead suile air.
Fr = Anairthe.Chím é agus ní fheiceann tusa é agus is goire duitse ná dómhsa é.
Fr = Cúl do chínn.Measín cúmhtha camtha a beal fuaithi agus a thóin in áirde.
Fr = Bárthnach.Chím chughaim aníar – trí capaill, trí fíaid, trí púilíní óir agus trí pochadán fíaid.
Fr = Sochraid. Bíonn sé thoir is bíonn sé thíar.
Bíonn sé i ngáirdín Baile Átha Cliath
Is mó a greim ná greim capaill
agus ní bhlaiseann sí an féar.
Fr = SpealCoinnín i bpoll ‘sa ceann amach
Tarraig go trom is tiocfaidh sé leat.
Fr = Bó ag breithGé bán gan sciathán mar a’ crann
gan géagán tháinig madra rúadh
Gan ceann is d’ith sé gan béal
Fr = Sneachta ar bhárr tíghe agus an ghrían ag taitneamh air.(continues on next page)