School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 278
  3. XML “Scéal Mháire Uí Dhuibh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal Mháire Ní Dhuibh
    Bhí bean an chliste na chómhnaidhe i nGleann Chárthaig fadó. Máire Ní Dhuibh dob’ ainm di. Glaodhadh an t-ainm sin uirthi mar bhí gruaig a cinn dubh. Seanmháthair Dhómhnaill Uí Chonaill dob’ eadh í. Bhí feirm talmhan aici le díol. Chuaidh cómharsa cúiche chun margadh a dheanamh léi lá amháin. Bhí garsúin mic aige is chuaidh sé in aonacht leis. Bhí Máire sa bhaile rómpa. Bheannuig sí dóibh. D’iarr sí ortha suidhe síos. “Níl aon ghnó moille agamsa” arsan fear, “Is amhlaidh a thánag annso chun an fheirm úd do cheannach uaitse más féidir margadh a dhéanamh.” “Ó níl a leitheid d’feirm i gCorcaigh” arsa Máire.
    “Tá cois abhann síos ann,
    Agus cois abhann suas ann
    Fothain an lae fhuair ann,
    Agus fuair an lae the”
    “Tá sé go h-ana mhaith,” ar seisean. “Cad tá uait air” “Níl ach cead is fiche,” ar sise. Bíodh sé na margadh,” ar seiseann. Bhí an garsúin ag éisteacht leis is gan focal a rádh aige. Fé dheireadh do labhair sé agus a dubhairt, “An as do mheabhair a taoi. Tusa ag tabhairt ceud is fiche ar an bhfeirm sin,
    Go bhfuil a cúl le gréin,
    Is a agaidh sa tsioc,
    An bascadh na lár
    Is an báth na bhun.”
    “Má tá,” arsan an t-athair, “Ní theastuigheann sé uaimse,” agus amach an dorus leis an mbeirt aca.
    Seán Ó Dálaigh 26-5-1936
    Dómhnaill Ó Móráin ó’n gCaol d’aithris.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Daniel O'Connell (~175)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Dálaigh
    Gender
    Male
    Informant
    Dómhnaill Ó Móráin
    Gender
    Male
    Address
    An Caol, Co. Kerry