Scoil: Caisleach (uimhir rolla 16018)

Suíomh:
An Chaisleach, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádruig Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caisleach
  2. XML Leathanach 279
  3. XML “Scéal - Dómhnall Ó Corcoráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéul (Dómhnaill Ó Chorcoráin)
    Bhí feirmeóir i gCiarraidhe Thuaidh darbh ainm Dómhnaill Ó Corcoráin. Chuaid sé go Corchaig le h-ím. Ar drom chapaill bheiridís an t-ím an uair sin go Corcaig. Bhí sé ag filleadh abhaile mar seó agus bhí abha idir é agus an tigh agus bhí sé taréis tuitim na h-oidhche. Nuair a tháinig sé go port na h-abhann bhí bean roimis ar an bport. Dfiafruig sé dhi ar theastuig uaithe i bhreith thar abhainn. Dúbhairt sí gur theastuig. Tharraig sé an capall isteach sa phort agus chuaid sí ináirde taobh thíar de. Nuair a bhí sé ar an dtaobh eile de’n abhainn thúirling sí. “Is maith a dheinis“ ar sise, “mise a breith thar abhainn; mura mbeirteá do marbhócainnse thu.” Do bhárr mise a thuir thar abhainn beidh buadh éigint agat sul a sroisfidh tú an tig. Bhí sé ag cur de annsan suas bóthairín go dtí a tig. Chuala sé a ghadhar féin ag cainnt le gahdair a dhá chómharsan ar gach taobh de. Annsan a thuig sé cad é an bríghe a bhí leis an cainnt a dúbhairt an bhean.
    Dúbhairt a ghadar féin leis an dá ghadar eile – “Tá mo mháighistir ag teacht ó Chórcaig anocht agus beidh ámhar airgead aige a dhein sé de’n ím. Tá triúr robáluighthe ag teacht a chun an t-airgead a bhaint de agus cabhairígidh liom” ar seisean, “agus cosnómaidh é.”
    “Tairse agus greamuig duine acu” ar seisean le ceann de’s na gadhairibh agus tairse agus greamuigh duine eile acu" ar seisean leis an tárna ghadar. leis an tárna ghadar. “Fág mise ar lár slíghe mar táim bacach.” Seadh, tháinig Dómhnaill Ó Corcoráin agus chuaidh sé isteach agus bhí fáilte ag a mhnaoi roimis: I gcíonn uair a chluig nó mar sin tháinig triúr fear go dtí an doras. Má tháinig greamuig na trí gadhair iad as thosnuig na robaluighthe ag liuírig is ag béicig. Tháinig Dómhnaill Ó Corcoráin amach agus dúbhradar go d-tabharfaidís suas iad féinig acht na gadhair a stop. Thug sé leis isteach iad agus bhain sé an clúdach dá n-aghaid agus is amhlaidh a í Cairdeas Críost idir é féin agus duine acu. Bhí sé ar dtúis chun iad a thabhairt suas do’n airm agus dúbhairt sé annsan go sgaoilfeadh sé leó.
    Tamall ‘na dhiaid san bhí sé lá amuig san iothlainn tarrach choirce as an stáca
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0517: The Boy who Learned Many Things
    AT0670: The Animal Languages
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Phádraig Uí Dhála
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tOileán Buí, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Connaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chillín Liath, Co. Kerry