School: Caisleach (roll number 16018)
- Location:
- An Chaisleach, Co. Kerry
- Teacher: Pádruig Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleach
- XML Page 322
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Thóg sé leis í ar maidin go tig a h-athar síos go íochtar na h-Éireann. Núair a chúaid sé isteach is amhlaidh a bhí splíonadh cailighe sínte in aice na teine is na h-aon gearán aici. D’fíafhruig sé d’fear a tíghe cad é an saghas í sin a bhí ag gearán sa chúinne. Dúbhairt seisean gur seana clíodhna cailighe a bhí in ionad a h-inghine féin í. “Ó” arsan fear “is mo braon brannda atá ólta aici siúd ad íarraid i leigheas. Is olc an slait do bhí agat. An aithneóchfá t-inghean da bhfeicfeá í. “D’aithneochfhainn” ar seisean. D’feach sé uirthi is dúbhairt sé gur a inghean í. Bhí sé ar buille núair a bhí an t-seana chaileach ‘na h-ionad. “Seadh” ar seisean “tugaid slúasad cúgham is dearg sa teine é. Tugadh do é is thug sé cúpla buille den tslúasaid dearg di is ba gheárr an mhoill uirthi imtheacht amach an doras ag béicig. Bhí ana áthas air an bhfear núair a chonnaic sé a inghean, tug sé i le pósadh do agus do mhaireadar go seanmhar as san amach.Síle Ní Shúilliobháin, Drom-na-Cille, do scríobh 6-12-1938.
Ó Seán Ó Chonchúbhair.- Collector
- Síle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Male
- Address
- Drom na Coille, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Concúbhair
- Gender
- Male