School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 309

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 309

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 309
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgeal
    Bhí triúr comráidhthe ann fadó. Siuinéir do beadh duine aca, gabha do beadh duine eile aca gus sclábhaidhe do beadh an tríomhadh fear. Do bhíodh éadach maith ortha i gcómhnaidhe agus cheapadh gach aoinne gur daoine uaisle iad. Do bhí droch galar amháin ortha sé sin d’olaidís gach rud a dtuillidís. Dúbhairt an gabha leó lá amháin nár b’aon maith dhóibh bheith ag caitheamh a saoghail mar sin go raibh sé cómh maith aca sgaramhaint agus dul ag tuilleamh. D’imthigheadar leó agus nuair a thángadar go dtí bóthar airighthe dúbhairt an gabha go raghadh gach aoinne aca a bhóthar féin agus taréis laé agus bliadhna go dtagfhaidís go dtí an bóthar sin. D’imthigh gach duine aca a bhóthar féin agus d’eirig go maith leó.
    Nuair a bhí an lá agus an bliadhain caithte thángadar go dtí an bóthar sin. Do fháiltigheadar roimh a céile. Bhí céad púint an duine aca. D’imthigheadar leó agus bhí tig ósta ar thaobh an bhóthair rómpa. Dubhairt an gabha “Is fada ó bhuaileamair le céile, teanam oraibh isteach agus bheidh deoch againn.” Do chuadar isteach agus do chaitheadar an oidhche ag ól go dtí go raibh an trí céad púnt ólta aca. An maidin bhíodar go beó bocht agus do socruigheadar go raghaidís go dtí an áit ina rabhadar cheana agus go dtagfhaidís go dtí an áit ceadna i gcionn laé agus bliadhna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Choncúbhair
    Gender
    Female
    Informant
    Seán Ó Concúbhair
    Gender
    Male