School: Caisleach (roll number 16018)

Location:
An Chaisleach, Co. Kerry
Teacher:
Pádruig Breathnach
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleach
  2. XML Page 293
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D’imthig an t-ógánach air agus an páipéir aige ag tríall ar an mhnaoí agus nuair a chuadar go dtí an sagart cun iad do phósadh do thug an t-ógánach an paipéar den sagart. Nuair a léigh an sagart an páipéar tug sé trom feuchaint air agus dubhairt sé más é sin an saghas duine tusa ní bhfaghaidh tú aon bhean annso ach imthig ort abhaile agus faigh bean id paróiste féin más féidir leat. D’imthig sé abhaile agus ní raibh sé ró sásta.
    Caitlín Ní Conchúbhair ó Seán Connchúbhair Cnocruadh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgeal
    Bhí duine uasal saidhbhir na comhnuidhe í gCluain Tairbh fadó agus bhí sé pósta le bean a bhí comh saidhbhir leis féin agus bhí aon mac amháin acu agus nuair a bhí sé ocht mí fuair a mháthair agus a athair bás agus bhí seacht dochtúirí ag tabhairt aire dho san Spain go dtí go raibh sé ficeadh bliadhain. Cas an mac abhaile agus mála líonta d’airgead aige. Bhí an oidhche ag tuitim nuair a bhí sé ag déanamh ar an mBhaile. Cuaidh sé isteach í roilig cun an oidhche a caitheamh ann mar bhí eagla a marbuighthe air. Sín sé é féin ar leac tuma agus chuir sé an mála fé na cheann agus thuit a chodladh. Tháinig beirt púca fé na dhéin duine comarsánta agus duine deóranta. D’fiarr an púca comarsánta ar an bpúca eile an bhfeaca sé riamh fear comh breágh leis seo. Dubhairt sé nár bhfeacaidh acht gur chonnaic sé cailín ní badh breághtha. Cuireadar geall síos. Sá Gearmain bhí an cailín na comnuidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0516: Faithful John
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Briain
    Gender
    Male