School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire Ní Cúrnáin 12 bl. a h-athair Domhnall – MálainnGaiscidhig na ComharsanachtaB’é Eóghan Ua Súilleabháin Duilleach ó Tullaig an fear ba treise bhí sa ceanntar so ó Domhnall Cheanneiche anuas. Bhí sé ag teacht ó’n dtráigh lá le h-ualach mór nuair a bhris an roth ag árd Cheanneiche. Bheir sé ar an ‘axle’ ‘na láimh. Choimeád sé suas an t-ualach slán go dtáinig sé go dtí an taobh abhus do Thullaig. Uair eile chuir capaill i gcoinnibh ualaigh ag Caol na h-Eachraidhe. Dubhairt Eóghan leó an capaill do scuir. Do dheineadar. Chuir shé an slabhra droma treasna ar ucht air is dubhairt sé leó sáthadh leis. Do dhein beirt aca acht nuair chonnac duine aca go raibh Eóghan ag breith an ualaigh leis amach an ardán buille ag preabarnaigh thairring an t-anchuínse an trucaill siar acht bheir Eóghan amach na aimhdheóin í. Chuir sé na h-órdóga síos tríd an mbóthar fliuch mar bhí sé cosnochtuighthe. Lá eile chuir sé trucaill lán suas de fheirciníbh ime aníos as atrainn na lána chómh h-aosáideach is chuireadh duine eile faoilín móna.
2. Domhnall Cheanneiche.
Thiar ar an gCeann eich do. Tá leach uaigh i Roiligh na Dromada. Ní fhéadfadh triúr nó ceathrar é bhreith ró fhada leó. Deirtear gur árduigh Domhnall leis é ar a dhrom ó Cheann eich go dtí an roilig.
3. Bhí fear ar an Dromaireach caogadh bliadhain ó shoin agus do tharraing sé tuighe ar a dhrom ó Faill an Locha go Dromaireach. Seán Fhíonáin Ua Súilliobháin do b’ainm do.
4. Thug Séamus Ua Dálaigh ó Cúmastabha leath mhála mine agus peidhre bróg ‘na béal ó bun an phóirse go dtí a thigh féin. Timcheall leath mhíle slighe sa turas.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Chúrnáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Málainn, Co. Kerry
- Informant
- Domhnall Ó Cúrnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry