Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 260
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Ní luaithe spól ar seól ná ar saoghal ne ag teacht...

    Máire Ní Shúilliobháin Tuluig a h-athair Mícheál 56 bl.
    Ní luaithe spól ar seól ná ar saoghal ne ag teacht
    Nó bláth óg ag feó’ is ag éaghamh ar fad
    Nó gaethe a thógfadh leó ins na spéarthaibh gal
    Nó coinneal beag d’reóil mar dhóigheann í féin amach
    Nó árthach seóil ar bhóchna treán ag teacht
    Nó teachtaire ag ró rith bóthar réidh gan stad.
    Nó sgáil bheag neóil d’imtheóchadh gan glaodhach thar n-ais
    Ár mbíodhbha mhór is gan fós ár dtréine acht lag
    Ár n-aghaidh gearr is ár mbás go cinnte ceart
    ‘S nách feasach tráth cá h-áird a mbíonn a’ teacht
    Is slígh ‘s fearr chun trácht go cruinn ar Neamh
    Bheith i ríth le cách is i nGrástaibh Ríogh na bhFeart.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Shúilliobháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tulaigh, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ua Súilliobháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Tulaigh, Co. Kerry