Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)
- Suíomh:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
- XML Leathanach 136
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí geall idir filíbh fadó ciacu is fearr dheinfadh bhéarsa áiféis.”
Dómhnaill Ua Cúrnáin d’innis Bhí geall idir filíbh fadó ciacu is fearr dheunfadh bhéarsa áiféis. Seo cuid de.1.(File.)
Chonnacsa iongnadh is mé im pháiste
Eilit ag baint is eilit ag tárlamh
Ancar fhiadh mór ag déanamh stáca Is an dreoilín teasbaigh á chaitheamh anáirde2.
An iongnadh is mó dá bhfaca sa riamh
Scata do rónta ceannfhionna ar shliabh Cuach ag ól a dóthain meala le h-iasg Is uain ag romhar chun cróidh sa bhfairrge shiar
Chonnacsa iongnadh is mé am shuan
Préachán dubh ag casadh na n-uan
Sús ar mhuic ag dul go Gaillimh a cuaird
Is claidheamh thar chirc ag rith ar mhada ruadhChonnacsa iongnadh is mé go troim im luighe
Cnoc Druinge ar muin leinbh i gcliabhán críon
Sliabh Biolar in ubh circe ag Ua Néill trí mhí
‘S bric na Siona, ag togaint custuim ar aon taighibh an Ríogh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Cúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Málainn, Co. Kerry