Scoil: Cill Mac Ciarainn (uimhir rolla 13796)

Suíomh:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 234

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 234

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Leathanach 234
  3. XML “Gaiscígh na Comharsanachta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máire Ní Cúrnáin 12 bl. a h-athair Domhnall – Málainn
    Gaiscidhig na Comharsanachta
    B’é Eóghan Ua Súilleabháin Duilleach ó Tullaig an fear ba treise bhí sa ceanntar so ó Domhnall Cheanneiche anuas. Bhí sé ag teacht ó’n dtráigh lá le h-ualach mór nuair a bhris an roth ag árd Cheanneiche. Bheir sé ar an ‘axle’ ‘na láimh. Choimeád sé suas an t-ualach slán go dtáinig sé go dtí an taobh abhus do Thullaig. Uair eile chuir capaill i gcoinnibh ualaigh ag Caol na h-Eachraidhe. Dubhairt Eóghan leó an capaill do scuir. Do dheineadar. Chuir shé an slabhra droma treasna ar ucht air is dubhairt sé leó sáthadh leis. Do dhein beirt aca acht nuair chonnac duine aca go raibh Eóghan ag breith an ualaigh leis amach an ardán buille ag preabarnaigh thairring an t-anchuínse an trucaill siar acht bheir Eóghan amach na aimhdheóin í. Chuir sé na h-órdóga síos tríd an mbóthar fliuch mar bhí sé cosnochtuighthe. Lá eile chuir sé trucaill lán suas de fheirciníbh ime aníos as atrainn na lána chómh h-aosáideach is chuireadh duine eile faoilín móna.
    2. Domhnall Cheanneiche.
    Thiar ar an gCeann eich do. Tá leach uaigh i Roiligh na Dromada. Ní fhéadfadh triúr nó ceathrar é bhreith ró fhada leó. Deirtear gur árduigh Domhnall leis é ar a dhrom ó Cheann eich go dtí an roilig.
    3. Bhí fear ar an Dromaireach caogadh bliadhain ó shoin agus do tharraing sé tuighe ar a dhrom ó Faill an Locha go Dromaireach. Seán Fhíonáin Ua Súilliobháin do b’ainm do.
    4. Thug Séamus Ua Dálaigh ó Cúmastabha leath mhála mine agus peidhre bróg ‘na béal ó bun an phóirse go dtí a thigh féin. Timcheall leath mhíle slighe sa turas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chúrnáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Málainn, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Cúrnáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Málainn, Co. Chiarraí