School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)

Location:
Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Cathasaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Mac Ciarainn
  2. XML Page 245
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéalta
    1. Ní raibh an t-airgead ná a chómhaireamh ar a dheis aca. Thárla dóibh i dtig bídh gur dhíol duine amháin an costas uile. Nuair dubhradh leis agus é ag bailiú leis “Wait for your change” dubhairt sé “ h-anam ón ndiabhal ní “Change” atá uaim acht bóthar na Blárnan amach.”
    2. Casadh ortha sa tslighe dhóibh droichead. Tháinig duine aca do phreib ar thalamh agus siúd leis go lár an droichid agus annsan ann do ag pramsáil ag tástáil an droichid. Ghlaoidh ar an duine eile “Cuir chugham an capaillín. Ciseach ó bhonn é seo is mairg ná gabhann é.” Is dócha go raibh taithighe maith ar chiseachaibh ag baile.
    3. Lá dóibh i dtig bídh, chuir an cailín aimsire siúicre ar bórd chúcha acht riamh roimis sin chuirfí sa té dóibh é. Dubhairt sise “Sweeten to your likeness” acht ó nár tuigeadh dfhág san na buachaillí le té searbh. Díoladh í go macánta agus amuigh thar doras dubhairt duine aca “Bhí gach tigh go maith go dtí so acht b’é an diabhal ar fad é” “Sweeten to your likeness”
    4. Fuaireadar uaireadóir tráth ar an mbóthar agus do chinneadar ar é bhascadh. D’imthigh ‘na smidiríní ar an mbóthar le rúsgadh na gcloch agus dubhairt duine aca “An diabhal gur dheineadar rud maith i bhrúghadh mar bheadh an dúthaigh creachta aici is a raibh do rudaí beaga istigh ann.” Cheapadar gur saghas péiste é.
    5. Ní thagadh leó riamh iad féin a chómhaireamh mar pé duine dheunfadh an comhaireamh bheadh duine i gcomhnuidhe i n-easnamh air (é féin). Chuireadh gach mac máthair cloch ar chlaidhe agus dheinidís san a chómhaireamh agus bheadh an t-iomlán ann acht nuair thosnóchadh an t-ath chómhaireamh bheadh an t-easnamh arís. Bheadh tan breall ortha go dtugaidís abhaile. Lasadh ‘na h-éinne béiltheach ‘na thighe féin. Imthighidís go h-árd an bhaile agus dheinidís gach búire deataigh a chómhaireamh agus bheadh aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1287: Numskulls unable to Count their own Number
    Language
    Irish