School: Cill Mac Ciarainn (roll number 13796)
- Location:
- Cill Mhic Iarainn Thoir, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Cathasaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)5.
Do thug bean – Máire ní Dhonnachadha leath mhála mine abhaile léi ó’n gcathair timcheall 40 bliadhain
6. An Drummer
Bhí aon fhear amháin ón bparóiste seo go dtugtaí an Drummer mar leas ainm air is níor bhuail a mháighistir riamh leis chun arbhar a bhaint le corrán. Bhaineach sé le corrán chómh tuibh is siubhaladh sé. Fear eile a dubhairt na fir a bhíodh le na chois is bhí a ainm anáirde ins gach aon bhall. Bhí tigh óil ag Páidí Chéin ag glaise an teampall is thárla maidean ann go raibh an Drummer bocht ar meisce ‘na chodla dho ar an raca. Tháinig fear éigin is do rug sé ar bhróga air is do thairrig de’n raca é is bualadh buille do chúl an Drummer ar an lic is marbhuigheadh ar an láthair sin é.
Do labhair an Sagart ón altóir an Domhnach ‘na dhiaidh sin is do chuir sé criothnú ar an bpobal nuair dubhairt sé ná féudfadh sé guidhe air go bhfuair sé bás ar meisge. Bh mhór an sgrios aon fhear chómh maith leis imtheacht mar imthigh. Go Dún na Glóire go raghadh sé.
7. Pádraig Ua Cúrnáin Málainn a mhair 100 bl. ó shoin.
B’é mo shin sin sean athair é. Fuair bás i gCanada agus chualathas ologón dubhach ar bhruach an St. Lawrence chómh crónta le linn a bháis is chualathas riamh an bean sidhe in nÉirinn.
8. Mícheál Duilleach Cill Mac Cairainn
200 rann prátaí mar an Cúrnánach. Cailleadh 50 bl. ó shoin.
9. Tadhg Ua Shúilliobháin na File iomrascáluidhe
10. Séamus Ua Curnáin, Cúmastabha, síos amach ag obair. Ní raibh a shárú.- Collector
- Máire Ní Chúrnáin
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Málainn, Co. Kerry
- Informant
- Domhnall Ó Cúrnáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Málainn, Co. Kerry