Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)

Suíomh:
Cullenagh Upper, Co. Kerry
Múinteoir:
Bríd, Bean Uí Chochláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 310

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 310

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuileannach (C.)
  2. XML Leathanach 310
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. CEATHRÚ - na - hABHANN
    Tugtar an t-ainm sin ar an mbaile Fhearainn mar tá an ceathramhadh chuid d'en "Abha Mhuileann" ag rith in-aice leis.

    PÁIRC - na - LEASA
    Tugtar an t-ainm sin ar an bpáirc:- mar tá lios mór suidhthe innte. Tá an páirc sin suidhthe i bfeirm Mhícíl Ó Dugbhaill i mbaile Fhearainn Ceathrú-na-hAbhann.

    DROM LOCHÁIN
    Tugtar an t-ainm sin ar an áit, mar bhí bean maith ann fadó, agus thug sí an méid coirce a bhí aice dos na daoine bochtha. Annsan do chur sí lócáin ins an bpáirc, agus d'fás coirce ana mhaith ann.

    LIOS - a - PHÚCHA
    Tugtar an t-ainm sin ar an áith mar bhí lios ag na Loclannaig ann fadó. Tá an lios san i bfeirm Mhíchíl Uí Ghealbháin.

    CUILLEANNAIGH
    Tugtar an t-ainm sin ar an áit mar tá alán crainn cuilinn ag fás ann.

    CARRAIG - EÓIN - na - bFÁILE
    Carraigh ana mhór iseadh an charraig san. Tá sé suidhthe i bfeirm Thaidhgh Uí Gealbáin. Chuirtear an ainm sin ar an gcarraig toisc go raibh fear darbh ainm dó Eóin na bFáile in-a chomhnuidhe fé an gcarraigh. Deirtear gur fáitheach a chait an carraig san ó bárr "Stréicín" thuas go Cheathrú-na-hAbhann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Carhoonahone, Co. Kerry
    Bailitheoir
    Síle Ní Chonchubhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carhoonahone, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Conchubhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carhoonahone, Co. Kerry