School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 028
- XML “Nioclás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh Nioclás ag dul tímcheall ag iarradh deírce. Lá amháin bhí cóta shaighdhiúra a bhain le Smidí amuich ag acrughadh. Bhí Nioclás ag dul thart agus nuair a chonnaic sé na cnaipí órdha chuir sé duíl ionnta. Fuair sé sgian agus bhain sé na cnaipí go leír amach.
Annsan d’imthig sé fé dhéin an bheirt drifiúr agus a seisean leo: “Is olc an sgeal atá agam, do bhain rógaire éigin na cnaipí go léir as cóta Smidí”
Lá eile dá raibh sé ar thuras chonnaic sé capa? ag dul i gcaol. Thosnuig sé ag glaodhach ar na ndaoine ceacht i gcabhair ar an gcapall ach duine balbh do bheadh é agus ní raibh fhios ag aoinne ead do bhí ar siubhail aige. Sa deire tháinig fear agus dubhairt sé le Nioclás an rud do bhí á rádh aige do chanadh agus do dhein. Seo mar a dubhairt sé.*.
“Óró capall ag báthadh
Óró thíos sa Mhongán”
* is docha gurb é seo Nioclás go raibh an nath go in a thaobh :- “D’fhág sé annsan é fé mar ‘ fhág Nioclás a’ bád” t.ó.m.- Collector
- Domhnall Ó Conaill
- Gender
- Male