School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 005
  3. XML “An Bhléineann sa tSnaidhm”
  4. XML “Peadairín agus na Púcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Stuaim ort a shuairc bhean is éist liom
    ba dhual dhom go ndeanfhainn-se críoch
    ní raibh fuacht ar siúd . buaidhreamh ná tréigeann
    do’n uair beag déidheannach a chiónn
    Ach tá an stuaire cuín stuamdha in éinfheacht
    Is mo thuairim nách baoghal dó aon dhíghe
    Ach am ruagairt ar chuantaibh má théighinn-se
    Ar thuairisg na bléinfhionn arís. c.n.g
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear sa Gleann fadó agus Peadairín ón nGleann a tugtaoi air. Ní chreidfheadh sé choidhce go raibh púcaí ann. Bhiodh gach aoinne ag iarraidh a chur na luighe air go raibh, ach níorbh aon tainbhe é. Bhí sé ina chómhnuidhe i dtigín bheag leis féin.
    Oidhche dá raibh sé istig ghaibh sluagh de na daoine maithe isteach chuighe agus bhiódar ag gábhail dó go dtí go raibh sé leath marbh aca. Thángadar ar gach taobh dhe is dubhradar len a céile.
    Seo Peadairín o’n nGleann
    Nár chreid riamh go rabhmair ann
    Buailídh é go teann
    Ar a dá thaobh ‘gus ar a dhrom
    Ní raibh aon gádh le bheith ag aragóint leis as san amach mar chreid sé go raibh a leithéid de dhaoine ann go dearmad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhruig Ó Chonaill
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Ceapaigh na gCrann, Co. Kerry