School: An Gleann Mór (roll number 13973)
- Location:
- An Gleann Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire T. Ní Chonaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann Mór
- XML Page 004
- XML “An Bhléineann sa tSnaidhm”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is iad ag gabháil trés na sléibhte aníos
Is iad a rádh go mbeadh fán ar a’ mbléinfhionn
Sar a dtárluigdís féin ann arís
Bhí Mártan sa bhéarnain á aoraidheacht
Á chrádhadh is á cheusadh ag an síon
Is é á rádh leo gur náireach an sgeal dóibh
An lá thabhairt le fréic ag an Snaidhm .
VIII
Seadh do ghluaisidh an sluagh seo le chéile
Agus ualach gach aoinne ar a dhruim
Á ruagairt tré mór choncaibh aonair
Is gan mór stad dá dheanamh sa tshlighe
Gluais stuaire don chuallacht is réice
Is ní raibh aon tuairisg ag aoinne ar an bhuideann
Is is buadhartha bhí a gcómhluadar n-a thaobh súid
Fé thuairim na gréine do dhul síos.
IX
Bhí Mártan is a mhathair ag pléidh leis
Gur nó-olc a dheanfadh sé crióch
Is a dhearbhratár a fágairt in a aonar
In árd mhublaigh cúm agus aoirdh
Tá an áit úd fánach imigcúneach
Is níl aon áil bheatha ag aoinne ná biadh
Is do b’feárr liom sa bhúr dtarlamh le chéile
Ná dá bhfanfhadh a bleínfhionn sa tSnaidhm.(continues on next page)- Informant
- Pádhruig Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceapaigh na gCrann, Co. Kerry