School: An Gleann Mór (roll number 13973)

Location:
An Gleann Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire T. Ní Chonaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 141

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0467, Page 141

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann Mór
  2. XML Page 141
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chomhnuig fear ar thúr a’ t Samhraidh fadó. Fear de mhuinntir Súileabháin a b’eadh é. Sé an slighe a bhíodh aige ná ag tabhairt aire do chaoirig. Is aige do bhí an rath leo. Bhí cúpla céad caoire aige.
    Maidean amháin go ghaibh sé amach is cad do bhí roimis ná céad uain agus ceád caoire. Tháinic sé abhaile is dubhairt sé len’ a mhnaoi
    “Ó a Neill, tá céad uain agam indui. Anois ní bheimíd I bhfad ag deunamh spré do Nóra”
    “Airuí , a chroidhe na deurfá Bail ó Dia ortha tá breith agat ar an spré” ( tá am go leor agat chun bheith ag cuimneamh ar spré).
    Lár n-a mháireach do ghaibh sé amach ag fheuchaint ar a chaoirig. Ní fuair sé tuairisg ar chaoire na uain. Tháinig sé abhaile ag bualadh a bhas agus ag lóg óireacht ná raibh aon tuairisg le fághail ar chaoire ná uan.
    “Cad a dheánfaimíd anois a Neill?” ar seisean. “Ní h-aon spré atá ag deunamh trioblaíd dom indui ach cá gheobhaimíd biadh” “Ara éist , a Mhichíl is beir Seán is Tadhg leat ag lorg. Do bhailigheadar leo is amsan a chonnach sé ceathrar fear á leogaint amach as liosacháu. Thug sé abhaile iad. Thug sé an oidhche sin ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máighréad Bean Uí Cheallaig
    Gender
    Female