School: An Clochar, Neidín
- Location:
- Kenmare, Co. Kerry
- Teacher: Brighid Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Clochar, Neidín
- XML Page 375
- XML “Seanamhrán Pháid Buí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanamhrán Pháid Buí (continued)
“Duine bocht fánach do bheadh é, Ní raibh ag na creabh aige”
(continued from previous page)Nuair a bheir dóibh á innsint
Gur chromais air an ól.
VIII
Tá mo chroidhe chomh dubh le h-áirne
Nó le gual a buailfí igceardchain
Nuair bhíonn siad súd á radh liom
Gur chromas ar an ól.
IX
Ach sure bím amuigh fé'n mbaisteach
Ag grafadh 'gus ag tárladh
Nuair bhíonn sagairt agus bráithre
'Na reamhair cuirp ag feóil.
X
Stadfad feasta im dhántaibh
'S ní dhéanfad a thuille arádh libh
Tá clanna gaedhil gan fagháltas
Is is amhlaidh 'a bheid go fóill.
Uair amháin eile bhí Paid Buidhe ag fanamhaint id tig baintreabhaighe - Máire Ní Thuama (Beannacht Dé le'n a h-anam. Bhí cailín aimsire ag an mhnaoi sin agus bhí an cailín ana aerach. Bhí sí féin agus Paid ana mhór le'n a chéile. Domhnach amháin d'fanadar araon i Sráid Bhaile Chillgarbháin tar éis an Aifrinn. Bhiodar ag ól agus bhí tuitim] na h-oidhche ann nuair a thángadar abhaile. Nidh nach iongnadh bhí(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Thuama
- Gender
- Female
- Informant
- Maighréad Bean Uí Thuama
- Gender
- Female
- Address
- Gortlahard, Co. Kerry