School: An Clochar, Neidín

Location:
Kenmare, Co. Kerry
Teacher:
Brighid Ní Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Neidín
  2. XML Page 373
  3. XML “Seanamhrán Pháid Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanamhrán Pháid Buí

    Duine bocht fánach do bheadh é, Ní raibh ag na creabh aige

    Duine bocht fanach do b'eadh é. Ní raibh tig na treabh aige. Bhí feirm ag a mhuinntear tráth ach tháinig an dealbhas 'na dtreo. Fuair na túismuightheóirí bás agus fágadh Paid go h-aindhis. Ní raibh aon dúil aige in obair agus chaith sé an cuid ba mhó d'á shaoghal ag gabháil timcheall ó thig go tig i nGleann Laoi. (Glenlea) Chaitheadh sé a lán d'á chuid ama ag cumadh amhrán. Bhí dúil millteach sa bhraon aige agus bhíodh na sagarit i gcomhnuidhe ag gabháil dó ach níórbh aon mhaitheas dóíbh é. Toisc gurbh é an seachtmhadh mach de'n chlann é bhí comhacht aige an fearsaí a leigheas. Bhódh an galar sin ana chomónta imeasg na gcapall an uair sin agus is mó "braon" a fuair Paid de bhárr an leighis. D'fhéad sé tinneas fiacal do leigheas leis. Uair amháin d'eirig leis an sagart iacall achur air an geall do ghlacadh agus seo amhrán a chúm sé
    Ní'l mo shláinte ar fógnamh
    Ó scaras leis an ól seo
    Tá casachtach is breóíteacht
    Is galar trom im chroidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Ní Thuama
    Gender
    Female
    Informant
    Maighréad Bean Uí Thuama
    Gender
    Female
    Address
    Gortlahard, Co. Kerry