an buachaill i bpáirc áirighthe ina mbíodh sé ag imirt báire roimh a bhás agus ná raibh caipín nú gealasaí ar an bhfear mbocht agus dubhairt sí leis gur gearr go mbeadh a thuille trioblóide ortha. B'fhíor di san mar i gceann coicthíse do loisceadh buachaill eile den chlainn ina bheathaidh agus annsan chuimhnigheadar ar chainnt Pheig ina thaobh.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Ó Chormac Artúr, Doire na gCathrach, an Neidín d'airigheas an sgéal so: -Is dóigh liom gur in aimsir na bhFiníní do thuit an scéal so amach. Bhí a lán daoine an uair sin ar teicheadh ó na póilíní agus bhí beirt nó triúr i dtigh Chormaic oidhche áirighthe agus bhí [a] fhios aca go raibh a gcompánaigh i dtigh eile i nDrom an Easaigh i Neidín. D'airigh na fir i nDrom na gCathrach go mbeadh na póilíní ag Drom an Easaigh an oidhche chéadna agus chuireadar teachtaire -bean- go dtí Drom an Easaigh chun innsint dóibh gan fanacht ann oidhche eile ar eagla go
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »