School: Tulca (roll number 1396)

Location:
Tullaha, Co. Kerry
Teacher:
Mícheál Ó Dálaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 313

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0461, Page 313

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tulca
  2. XML Page 313
  3. XML “Scéal Eile”
  4. XML “Scéal Eile mar gheall uirthi”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tuairisg do'n ghalún in aon áit agus b'éigean dóibh teacht isteach gan é. Nuair [a] thánadar isteach, dubhairt mo shean-athair go raibh páisde ag gol go truaighmhéileach agus ochlánach timcheall an tighe an fhaid is [a] bhíodar amuigh. Maidin i mbáireach bhuail Peig chútha agus dubhairt sí leo gur ró-dhéanach a bhíodar amuigh aréir agus d'innis sí go cruinn an áit ina raibh an galún curtha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal eile mar gheall uirthi
    I nGleann Garbh a rugadh mo mháthair agus bhíodh an Pheig chéadna timcheall na paróiste go minic agus mo mháthair ina cailín óg. Do chaill muinntear mo mháthar buachaill tar éis taom breoidhteachta [a] bheith air - col ceathrair dom mháthair ab eadh é agus bhí a thuismightheoirí go brónach, ochlónach, uaigneach ina dhiaidh. Thugadar culaith éadaigh do dhuine eile ar son Dé, mar is gnáth nuair a gheibheann duine bás i gCiarraidhe nó i gCorcaigh acht do dheineadar dearmhad ar chaipín agus gealasaí a thabhairt ina theannta.
    Do bhuail Peig isteach chútha lá agus d'innis sí dhóibh go bhfeaca sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish