School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 240
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Leighiseanna eile.
Triuch: - 1. Naoi gcasadh don leanbh mór tímcheall an t-asal.
2. Fuighleach nú dríodar firéid d'ól.
3. Práta a ithe go raibh mútóg (=miotóg) bainte aige as.
4. An duine go mbeadh an triuch air seasamh ar an mbóthar go dtiocfadh fear ag marcaidheacht ar chapall bán agus an duine breoite do labhairt leis mar seo: -
"A fhir an chapaill bháin, tabhair leigheas don triuch dom" agus dá ndeintheá an rud a deireadh sé leis do bheadh sé leighisighthe. Agus tá sgéal mar gheall ar fhear a dhein an rud san agus s'é an freagra a fuair sé ná go mbeadh air "bainne circe, adharc muice, agus cleití chait" d'fhagháil.
5. Lorga luiche do ithe agus é beirbhighthe.
Nioscóidí (=Neascóidí): - 1. Meacan dogha (=dáthabha) a bheiriúghadh, agus é do chur te leis an nioscóid, acht go mbeadh ar an duine breoite dul lasmuigh de dhoras an tighe an fhaid is do bheadh an meacan (meacain sa lámhscríbhinn) dogha á bheiriúghadh.
2. Duilleog tobac a fhliuchadh agus é do chur leis an nioscóid.(continues on next page)- Informant
- Pádraig O Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry