School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tulca
- XML Page 239
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Drochghoile: - Bhíodh crann truim ag fás leasmuigh de dhoras gach tighe an uair sin. Deintí saghas fíona as na caoraibh agus óltaí é agus deirtí go raibh sé an-fholláin.
Drochghoile: - Seana-chré a bhíodh le fagháil fén sceich ghil nú fé áirní. Cuirtí uisce air trí uaire i ndiaidh a chéile agus óltaí an uisce deirineach. Pé rud ná réidhtigheadh le goile an duine, chuireadh an deoch sin fonn múisge air agus tá aithne agam ar dhuine a bhain triail as an leigheas sin. Bhí sí go dona le trí seachtmhainí tháinig bean eile isteach chuice agus do dhein sí an deoch di agus i gceann leathuaire a chluig bhí an bhean chomh maith is do bhí sí riamh.
Pian fé d' easnachaibh: - Cloch bhán do choimeád san áit ina mbíodh an phian acht choimeádadh daoine eile ina mbéal é.
Dealg id' láimh nú id' chois: - Choimeádaidís teanga an mhada ruaidh chun é do tharrac amach. Teanga do choimeád san bhall ina mbíodh an dealg agus i gceann naoi lá thiocfadh sé amach.(continues on next page)- Informant
- Pádraig O Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry