School: Tulca (roll number 1396)
- Location:
- Tullaha, Co. Kerry
- Teacher: Mícheál Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"phaveáil" (=pábháil) le clocha beaga agus chonnaiceas an saghas de úrlár go minic sa pharóiste.
Uaireanta chodaileadh na daoine sa chistin acht sa seomra beag bhíodh na seandaoine agus na páistí beaga de ghnáth agus suas sa lochta bhíodh leabthacha ar an gcliath le haghaidh na ndaoine eile. Bhíodh "camp bed" ag foth-dhuine agus shamhluídís go raibh sé ana-chompórdach ar fad. De ghiumhais deintí iad agus bhíodh díon air agus é déanta de bhórdaibh acht ní dóigh liom go bhfuil ceann aca le fagháil san bparóiste fé láthair.Puill bheaga sa bhfalla a bhíodh mar fuinneoga aca agus chuiridís sop féir nú tuighe ionnta ar eagla go dtiocfadh an ghaoth nú an bháisteach isteach, agus níorbh aon bhaoghal go bhfágaidís na puill oscailte san oidhche.Bhíodh ainmhidhthe na feirme sa chistin agus oidhcheanta fuara an gheimhridh ann. Bhíodh ba bainne, an capall, searrach agus muc ann. Bhíodh cúb na gcearc ann chomh maith agus ba dheacair dul suas chun na teineadh agus capall, searrach nú bramach idir tú agus í. Aiteann a thugaidís don gcapall san oidhche agus nuair a bhíodh féur gann, gheibheadh na ba aiteann leis. I gcúinne na cistineach a bhíodh umar agus rá[mha]in aitinn(continues on next page)- Informant
- Pádraig O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Fear poist
- Address
- Milleens, Co. Kerry