School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aríst.” Cuaidh Seán óg ag fiadhach amach sa lá agus thug abhaile girrfhiadh na beathaig. Gan dabht, bhí súil aige leis an tighearna aon lá bhuail sé chuige sa chúinne an girrfhiadh. “Bí aireach a Mham” arsa sé “ac nuair a thiocfadh an tighearna. Scuir chun siubhail an girrfhiadh agus abair leis glaodhach ar do mhaighistir. Sin mar a thárluig, tháinig an tighearna agus seinm buille ‘na radharch.
“Cá bhfuil fear an tighe seo?” arsa sé. “Téir amach” arsa Máire leis an girrfhiadh “agus glaoidh ar do mhaighistir.” Seo chun an chnuich an girrfhiadh. Bhí Seán ag fiadhach an lá céadhna agus chonnaic sé cuige an girrfhiadh agus tháinig fé na bhráid agus lámhach é. Bhí an fear bocht lag leis an ocras agus thug sé leis abhaile é. Nuair a chonnaich an tighearna Seán Óg ag teacht leis an n-girrfhiadh dhein sé dearmhad ar margadh na lárach ach chuir i-núil é féin do Seán agus d’fhiafruig sé dhe cad ar a ndíolfadh sé an girrfhiadh. “Ar ór ná ar airgead ní dhíolfainn é sin” arsa Seán. Dheineadar margadh ar míle punt agus thug leis abhaile é. “Anois nó riamh” arsa Máire, “ná h-abair faic a Mham, bead-sa sa beárna roimh san aríst.” Bhí siopa mór ag driothair an tighearna sa bhaile mhór agus is ann a(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Cróinín
- Gender
- Female
- Address
- Lackabane, Co. Kerry
- Informant
- Aindrias Úa Seaghdha
- Gender
- Male
- Address
- Dún Chaoin, Co. Kerry