School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 004
  3. XML “Droichead na Gairfeanaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Droichead na Gairfionnaighe
    Tá droichead na Gairfionnaighe tímcheall dhá mhíle ar a dtaobh seo de’n Daingean. Tógadh é le cloich tirim, gan aon rián moirtéil, ceithre céad blíain ó shoin. Nuair a bhíodar ag buildeáil an droichid bhí an sagart ó’s cionn na bhfear mar aon stíobhard. Chonnnaic sé ag teacht é, píora agus capall iallaite fé. Do rith an sagart isteach i dtor aitinn gabhlaig. D’fhiafruigh an píora de’s na fearaibh cad a bhí ‘ghá dhéanamh aca. Dubhradar leis go rabhadar ag buildeáil an droichid. Dubhairt sé leó nárbh aon chabhair dóibh é mar go leagfadh sé féin tráthnóna arís é.
    “Cad dubhairt sé libh a fheara” ars’an an sagart leó. Dubhairt sé a Athair nárbh aon chabair dúinn a bheith á’ buildeáil mar go leagfadh sé féin i gcóir na h-oidhche .” “Ar dhubhairt sé go dtiocfaidh sé “le congnamh Dé?” ars’an sagart. “Níor dubhairt sé aon nídh mar gheall ar “congnamh Dé” arsa na fir leis. “Is minic a d’imthigh agus ná fillfeadh” ars’an sagart.
    An tráthnóna san, bhí sé ag teacht agus capall breágh glas aige, agus bhí tráigh bheag ann agus bhí sé líonnta isteach. Taidhsigheadh dó ná
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    An Ghairfeanaigh, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ua Muircheartaig
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    Killarney, Co. Kerry