Scoil: Baile na hEaglaise (Chapeltown)
- Suíomh:
- Chapeltown, Co. Kerry
- Múinteoir: Mícheál Ó hAiniféin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)TOBAIRÍN DOMHNAIGHTá so suidhte ar thaobh a bhóthair iarrain, ar an dtaobh theas de, i ngiorracht leath-mhíle ar an dtaobh thoir de Cill-Finiúra. Tá sé ag rith amach as an mBóthar Iarrain isteach i dtalamh Dhiarmuid Uí Charmuda, Cnoc Ramhar. Níl puinn eólais ag muinntir na h-áite na thaobh ach táid go léir cinnte gur tobar beannuighthe a tá ann. Níl aon rian ná comhartha ag teasbáint go ddeintí turas ann.Dubairt bean liom ón áit gurb amhlaidh a bhrúcht an tobar anios Domhnach airighthe agus gur tugadh an ainm sin air dá réir. Bean eile a deir go dteigheadh daoine ann fadó ar an Domhnach chun turas a dheunamh. Ní cuimhin le h-aoinne a bhuail liom fós go bfeacaidh aoinne a deunamh turas ann.
(Cont.)
do tógadh Uachtarlann i Liostrim in aice Tobar na gCeann agus deineadh tobar i macha an Uachtarlainn 1910 - Ní fada síos a chuadhthas a triall ar an uisge - timcheall cúig troighthe nuair (?) seo cúcha sguna (?) breagh uisge glan ná triomuigheann aon am dein bhliadhain agus is deárabhtaighe gurab é seo uisge an Tobair Bheannaighthe a chuaidh i ndísc. Ón abhainn ag "At-an-tSoluis" a gheibidís uisge don Uachtarlann nuair theip an Coidéal nó go bhfuaireadar an tobar sa mhacha.- Bailitheoir
- Mícheál Ó hAiniféin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tralee, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Pháircéir
- Ainmneacha eile
- Bean Uí Pháircéir
- Brigid Ní Dhúnlaing
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Listrim, Co. Kerry