Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Killorglin, Co. Kerry
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Killorglin (B.)
- XML Leathanach 350
- XML “Píobaire an Mhála”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ann. Ar a theacht dó in aice na cloiche sin, chuala sé an ceól sidhe ó’n dtaobh eile de’n chloich. Stad sé, chuir é cluas le h-éisteacht air féin agus do chuaidh i bhfolach. Ach ba bheag a mhaitheas dó, mar ba gheárr an mhoill ar Píobaire a’ t-Sluaighe Sidhe é bhaint amach agus fógra doimhin a thabhairt dó gan an ceól sidhe a bhí taréis a chloisint aige do sheinm níos mó ná trí uaire ar feadh a shaoghal agus ba dhó féin ba mheasa. Pé sgéal é ní bhéadh sé sásta gan ceol do sheinm suas do féin chun é a mheabhrú agus d’imigh abhaile leis. Tamall ina dhiaidh sin, bhí comórtas feise ar siubhal agus duais bhréagh in áirde do’n phíobaire a bhfeárr. Bhí Seán ann, ach má bhí féin, bhí píobaire níos fearr ná é ann agus bhí an lá ag dul ina choinne. Ach, do chuimhnigh sé ar an gceol sidhe agus tharraing sé chuige é is bhuaidh air duais agus ní gádh a rádh nár bualadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Lough Caragh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Donnchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lough Caragh, Co. Kerry