Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 365

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 365

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 365
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear i nGleann bheithe in aimsir na bhFíníní agus do scéith sé ortha rús.

    Bhí fear i nGleann Bheithe in aimsir na hFíníní agus do scéith sé ortha rús agus má scéith, b'éigean do teitheadh go luath. Caitiliceach a b'eadh é agus d'imthigh sé mar cléireach le Parson a bhí in Abha na Scál ar a' dtaobh thuaidh de bháith an Daingin. Bhí file i nGleann bheithe agus chuir sé a chrúca air mar seo, nuair a thréig an bitheamhnach a bhotháinín féin is a chreideamh.*
    "D'fhág sé an eochair fé'n ndorus 'ge Rí na Grást,
    Is chuaidh ar sodar ag obair do'n diabhal go bráth."
    Chuala é seo ó Máire bean Uí Rathaille, 70 bl. Gleann na gCoileach, Loch Cárthaighe.
    M. Ó Donnchadha O.S
    * Tá sé seo scríbhthe cheana, M.Ó D.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    M. Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Rathaille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí
  2. (gan teideal)

    Tigh ar béal bothair ní h-aistear gabhail ánn.

    Tigh ar béal bothair ní h-aistear gabhail ánn.
    Mura bhfaghamíos rud ánn níl uainn ach é cháineadh.
    Sean-fhocal:
    An bó is sailighthe a h-earbal is aoirde a géim.
    Ní théigheann stoirm thar Domhnach ná rabharta thar Céudaoin.
    M. Ó D.
    ó bhean Uí Rathaille, Loch Cárthaighe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.