Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 135

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 135

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 135
  3. XML “Na Potaí Gliomach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bh'usa iad d'fhighe sa phota. Bhíodh an trímhadh fear ag déanamh na bpotaí. Bhíodh sathach iompuighthe béal fé aige agus sgraithín glas mait láidir air, nó in inead an sgraithín bloc adhmaid na mbíodh puill oireamhnacha na bhfáine i gceann de. Deintaí tuigí do sáith ins na puill (nó sa sgráithín na bhfáine). Deintaí sgórnach an phota annsan d'fhighe go dlúth mion dúnta tímcheall sé nó ocht n-órlach in aoirde. Na tuigí do lúbadh annsan síos le taobh an tsotaig agus iad do coimeád na n-inead le téadán tímcheall an tsotaig. 'Na mogail a deintaí an fíghe as san síos - dá troig nó mar sin a bhíodh in aoirde an póta. Dhá shlait a bhíodh san bhfighe agus cuirtaí cor de'n dá shlait tímcheall ar gach easna agus nuair a bhíodh sé ag leathnú ró-mhór easna eile a chur ann isteach. Bhíodh duine des na fearaibh ullamh ar tón a chur ann. Ó mhuinntir Bhaile -Móir a fuair muinntir Chinn-Áird ar dtúis iad. Ar dhá sgilling a ceann a cheannuigheadar iad. Thall in Uibh Ráthach ní bhíodh aon mhogail ins na potaí. Bhí an méid seo ag baint leó ná cíofá an gliomach istig ann gan é thabhairt isteach sa naomhóig. Ach na coinne sin ní theicheadh an gliomach as chómh tapaidh agus dhéanfadh as na potaí osgailte. Nuair a bhí sé dorchadha istig ann níor bhfeárr leis an ngliomach pruais a bheadh aige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cinn Aird, Co. Kerry