School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 093

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 093

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 093
  3. XML “Marú an Daimh”
  4. XML “Ag Tarrac an Uisce”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Beirt fhilí a bhí na gcomhnaidhe duine acu ar gach taobh d'abhainn Fuaireadar damh-saile le marbhú dhóibh féin. Nuair a thángadar go h-abhainn ná raibh sí fé thuile agus theastuig ó'n bhfear a bhí na chómhnaidhe ar an dtaobh san go marbhóchfaí an damh mar a raibh sé agus gan tabhairt fé'n abhainn sa riocht 'na raibh sí mar bhí eagla air gur báthadh nó dróch-crích a d'imtheóchadh ar an ainmhidhe agus seo mar a chuir sé é
    "Nuair a bhíonn tuile san abhainn
    Is sleamhain a bhíonn na leacacha."
    Ach má seadh bhí a chiall féin ag an bhfear éile agus ba chumhang- caol leis an t-ainmhidhe do chur treasna ar ais nó ar éigin Agus d'fhreagair sé
    "Mar a leagtar an crann
    Is ann a dh'fhanann na slisneacha"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Age
    78
  2. Chreideadh siad go gcaitheadh an té is déanaí a cuirtaí (adhlacadh) a bheith ag tarrac an uisge go dtí an chuid eile go léir a bhí curtha sa roilg chéadna. Níor bh'aon dóithín bheith á tharrac ó'n dTobar i gcoinne an aoird suas go Cinn Áird. Bhíodh cuid des na sean mhná a d'iarraidh a bheith curtha le h-ais a chéile i slighe is go bhféadfaidís an deoch do shíneadh chun a chéile. Agus is minic nuair a bhíodh dhá chóiridhe ag déanamh ar an roilg chéadna go mbídís ag rás le chéile chun an duine marbh a saoradh ó bheith ag tarrac uisge. Is gná nuair a thagann cóiridhe go Cinn-Árd go leanann dhá cheann eile í go luath.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.