School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 076
- XML “Bia agus Béilí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Biadh agus BéilíNí bíodh ach dhá bhéile is ló acu an uair sin - um eadartha a bhíodh an chéad bhéile acu - prátaí agus gan puínn eile ach iasg. Tímcheall a trí nó a ceathair tráthnóna bhíodh beile eile phrátaí acu agus caitheadh na fir -oibre dul abhaile ó'n ngort chúca gach uair agus ceangluighidís snáithín ban ar na raimhne chun na préacháin a choimeád ós na prátaí. Ní hamhlaidh a choimeádadh an snáithín siad ach nuair a chíodh na préacháin an snáithín ní tagaidís i ngoire na bprátaí. Mara mbeadh an snáithín ann bheadh cuid mhaith dos na prátaí a b'fhearr tairgithe soir siar aiges na préacháin. Is minic is cuimhin liom féin buicéad phrátaí beirbhte a dhul ar an ngort chugainn agus iasg i ngalún stáin i gcómhair an dinnéir. Nuair a b'fhada le cuid des na buachaillí óga go mbíodhtaí ag glaodhach ortha dheinidís lusóg a lasadh le flint agus annsan cuiridís cúpla práta - "nó lúthóg"- fé'n dteine agus nuair a bhídís róstaigjthe is milis a d'ithidís iad. Ní d'iarraidís aon annlan leó leis. Muine dá bhfuigheadh "lads" anois iad ní cloisfí a dheire go deó. Ní h-aon iongnadh go ndeireadh na sean daoine
"Prátaí istoidche agus prátaí is ló
Agus dá n-éireóchainn istoidhche is prátaí a gheóbhainn"
Bhíodh só-láistí leis acu uaireannta ní minic é amhthach.Pramsa: Cuirtí an chruithneacht cháithe i gceann des na sean-corcáin a bhí ann an uair sin agus é crochad os cionn na teine. Gan uisge ná aon nídh eile gan dabhat. Bhíodh cláirín oireamhnach annsan chun bheith á chorruighe is á iompó(continues on next page)- Informant
- Cáit Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Ístínigh, Co. Kerry