Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 076

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 076

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 076
  3. XML “Bia agus Béilí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Biadh agus Béilí
    Ní bíodh ach dhá bhéile is ló acu an uair sin - um eadartha a bhíodh an chéad bhéile acu - prátaí agus gan puínn eile ach iasg. Tímcheall a trí nó a ceathair tráthnóna bhíodh beile eile phrátaí acu agus caitheadh na fir -oibre dul abhaile ó'n ngort chúca gach uair agus ceangluighidís snáithín ban ar na raimhne chun na préacháin a choimeád ós na prátaí. Ní hamhlaidh a choimeádadh an snáithín siad ach nuair a chíodh na préacháin an snáithín ní tagaidís i ngoire na bprátaí. Mara mbeadh an snáithín ann bheadh cuid mhaith dos na prátaí a b'fhearr tairgithe soir siar aiges na préacháin. Is minic is cuimhin liom féin buicéad phrátaí beirbhte a dhul ar an ngort chugainn agus iasg i ngalún stáin i gcómhair an dinnéir. Nuair a b'fhada le cuid des na buachaillí óga go mbíodhtaí ag glaodhach ortha dheinidís lusóg a lasadh le flint agus annsan cuiridís cúpla práta - "nó lúthóg"- fé'n dteine agus nuair a bhídís róstaigjthe is milis a d'ithidís iad. Ní d'iarraidís aon annlan leó leis. Muine dá bhfuigheadh "lads" anois iad ní cloisfí a dheire go deó. Ní h-aon iongnadh go ndeireadh na sean daoine
    "Prátaí istoidche agus prátaí is ló
    Agus dá n-éireóchainn istoidhche is prátaí a gheóbhainn"
    Bhíodh só-láistí leis acu uaireannta ní minic é amhthach.
    Pramsa: Cuirtí an chruithneacht cháithe i gceann des na sean-corcáin a bhí ann an uair sin agus é crochad os cionn na teine. Gan uisge ná aon nídh eile gan dabhat. Bhíodh cláirín oireamhnach annsan chun bheith á chorruighe is á iompó
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí