School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 077
- XML “Bia agus Béilí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)slighe is ná dóghfadh sé. Nuair a bhíodh sí cruaidh go maith annsan tógtaí aníos í agus measgtaí blúire ime léi agus b'fhéidir gráine siúicre uaireannta. Bhí sí go maith agus go deigh-bhlasta le n-ithe ach theastóchadh an riach fhéin d'fhiacla uait chun í chogaint ar a shon go mbogadh an t-ím í.Gráinseacháin: Cuirtí cruithneacht ag beirbhiú agus a chómhthrom d'uisge a chur léi sa chorcán. Nuair a bhíodh sí ag beirbhiú pléasgadh an gráin agus bhíodh sé na leite bhreágh ramhar go mbíodh bara ar nós an uachtair(bainne) air. Tógtaí aníos é annsan agus curtaí ádhbhairín siúicre nó salann air.Baighreán: Drídear min-choirce ar bogadh in uisge a slighe is go dtagadh an cá go léir ar bara an uisge. Thaithtaí an bara uatha annsan.
Bhídís á chaitheamh ó árus go h-árus go mbíodh an cha go léir imthighthe dhe agus an bun tíos ramhar. Curtaí leamhnacht tríd agus b'fhéidir rudaí eile -ubh nó dhó - agus gráine salainn agus sgaoiltaí amach ar oidhean te é agus dheinidís císte deas de - ar nós na "pancakes" a bhíonn acu san uaireannta. Siné a deintí leis an bplúr leis nuair a tháinig sé ar dtúis.Pairseach Feóla: Mairt-fheóil nó tairtfheóil muice agus cnámha do chur a' beirbhiú. An fheóil do thógaint aníos nuair a bheadh sí beirbhthe 'na ceart agus annsan dorn min-choirce do chur ann isteach. Do beadh sí ramhar go maith ach d'fhéadfá í d'ól as bhalla nó muga. Deintear fós sa gheimhre í seo.(continues on next page)- Informant
- Cáit Bean Uí Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Baile an Ístínigh, Co. Kerry