Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 005
- XML “Páirc na Raithní”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig an captaén & cuid des na márnéalaigh chun an raithneach do sguabadh amach sa bhfirrge ach níor thúisge amuich í ná istig airís i slighe is gur chaitheadar sgaoile léí. Nuair a bhuail an t-árthach talamh thall chuaidh mo dhuine i dtír i New York agus suas an tsráid leis & an raithneach na dheamhaig . Chonnaic na póilíní é & a ghas raithnighe gabhadar é & chuireadar i bpriosún é ach má seadh níor gádh dhóibh an gas raithnighe do ghabháilt mar líon an príosún go léir le raithnig & ní mór nár múch sí gach aoinne a bhí sa phríosún. Cuireadh anall arís é. Is amhlaidh a bhí sgéala roimis ag an gCóibh go raibh beirt cómharsan ó'n mbaile seo 'gainne imthighthe gan aon tuairisg ortha, ná bídís ag réachtaint ró-mhaith le na chéile & gur dóithighe gurb'amhlaidh ídígheadar féin a chéile. Tugadh abhaile mo bhuachail & chonnaic na daoine an raithneach na dheamhaig. Chuadhadar go dtí páirc na raithnighe, cuarduigheadar & fuaradar an corp go doimhin i dtalamh fé'n raithnig. Daoradh cun na (croise?) é mar nár chuimhnigh sé go raibh Dia i naon chor ag faire air nuair bhí sé ag déanamh an mharbhú ach chuir Dia anúil do go raibh & go bhféacaidh.
- Bailitheoir
- Muiris Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Chortha, Co. Kerry