School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 175
- XML “An Scoláire Bocht agus an Feirmeoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí san go maith. D'imthigh an scolaíre bocht leis féin, agus lean an feirmeoir is a chlann-mhac ag obair. Niorbh' fhada gur phós sé a chlann, bhiodar go léir curtha igcrích aige ach má bhí ní fhágfadh aon duine acu é féin istigh leo.B'éígean do an bóthar do thabhairt air féin agus a mhála déirce ar a dhrom aige. Bhí sé in áit oidche, agus é tugtha go leor is an dorchadas ag tuitim. Thug sé fé ndear tig ingar do agus do dhein é fé-n-a dhéin. An uair sin bhíodh tighthe na sagart beag, cinn tuighe ortha is ní acthneochthá iad thar aon tig eile. Bhuail an feirmeoir bocht isteach, agus cé bhí istigh ach an Scolaíre bocht agus é ina Easbog anois. D'iarr se déírc air is thug an t-Easbog dó í is thug sébheith istigh do leis.D'aithnigh an t-Easbog go maith é, ach nior aithnigh an feirmeoir an t-Easbog in aon chor. Ar maidin labhair an t-Easbog leis:
"An aithnigheann tú mé? ar seisean
"Ní aithnighim" arsa'n sean-duine
"Mise an Scolaíre bocht go rabhais ag magadh fé" arsan t-Easbog. "An cuimhin leat é?"
"Ó, anois is cuimhin" arsa'n sean-duine. "Bhí an roth ag iompodh ar ndóígh, agus feách tá sé iompuighthe anois."(continues on next page)- Informant
- Máire Uí Cheárnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry