School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó sar a raibh cairteacha acu, is de Shiubhal a gcos a theighidís ó áit go h-áit. Shiubhlaighidís ó'n áit seo go Tráigh-lí. Bhí bean ag diol seálanne agus d'éirigheadh sí le glaoidh an choiligh mar ní raibh cloganna acu. Bhí sí lá ag dul siar go Dún Caoin. Tá míle de bhóthar trid an gcnoc ó bhealach an Chlasaigh siar go Dún Caoin. Tá an áit san an-uaigneach. Bhuail an bhean léi agus dubhairt sí léi bheith ag rádh an paidir sin:
Aiste deineadh do Chríost
Agus gan É ach mí Fé bhruinn a Máthar,
Cuirim-se an aiste sin idir me agus mo namhad.
Mé do shaoradh agus do shábháil
Agus an mead agus ar na bearta bróin
Agus na tuataigh.
Bhí sí ag rádh an phaidir sin agus shábháil an paidir í mar chonnaic sí droch-sprid, agus roimis sin is mó duine a mhairbh an sprid sin.- Informant
- Máire Uí Cheárnaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry