School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Location:
Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
Teacher:
An tSr. Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0425, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Page 137
  3. XML “Paidir Eile”
  4. XML (no title)
  5. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó, a Mhaighdean Mhuire ró-diadha, cuimhnigh ná bhfuil éinne riamh do chuir é féin fé'd dhion ná déibh (?) go duthrachtach ar do chabhair nó t-eadarguidhe ná bhfuigheadh sé saothrú relíf' a shláinte. Seasami ar do mhaitheas agus ar do thrócaire, caithim mé féin fé do chosaibh beannuighthe, guidhim tú go ró-iseal a mháthair an fhocail shiorruidhe chum mise do bheith ionnraic mar leanbh duit. Tóg ort fé'd thearmain mo bheatha, a Mhaighdean ró-dhílis ná bíodh sé le rádh go gcaillfí mise san áit ná fuair éinne riamh acht grásta agus slánú.
    Amen.
    An focal Béarla "relief".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    A Chroidhe Íosa, naomhuigh mé...

    A Chroidhe Íosa, naomhuigh mé
    A Chorp an Tighearna beannuigh mé ,
    Fuil agus uisce a tháinigh amach tré thaobh ár dTighearna ar an gCrois, nigh agus glan ó'm peaca mé.
    Amen.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. (no title)

    Luighim síos leis na trí...

    Luighim síos leis na trí pearsanna is aoirde i Rioghacht na bhFlaitheas, im' ghárdáil is im' dhion ó oidhche go maidin. Ó a Íosa Mhic Dé foillsigh ar an lá, is go mbeirir ár n-anam slán go Flaitheas geal na ngrást.
    Amen.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish