School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lánamha fhíor-bhocht a bhí ina gcómhnuidhe thiar ar thaobh Cnoc-bhréanainn uair. Ní raibh sa saoghal acu acht sgata gabhar ar an gcnoc agus bothán beag chun comhnuighe. Mac amháin a bhí acu agus nuair d'fhás sé suas ní raibh sé sásta bheith i dtaobh le cliathán cnuic mar slighe bheathaidh, agus d'imthigh sé uatha ag lorg a fhoirtiúna síos amach. Bhí uaigneas ar an sean-bheirt é scaoileadh uatha acht ó bhraitheadar éirim árd fé dubhradar nár bhfiú é chosg acht a mbeannacht a chur leis, rud a dheineadar.
Cheannuigh sé culaith breágh éadaigh sa Daingean, mar bhí fhios aige gurbh' é an duine an t-éadach, agus d'fhonn is go mbeadh sé ina dhuine uasal ceart cheannuigh sé roinnt ciarsúirí sioda, agus chuir chuige ina phóca iad. Siúd leis annsan agus nior stad Dia leis gur bhain sé Baile Átha Cliath amach mar bhí fhios aige gurbh' shin baile go mbeadh sé fuirist dó, le feabhas a ghothaí, do chur i bhfeidhm gur duine mór é féin.
Bhí sé lá ann agus é ag siubhal sa tsráid agus é ag faire na foirtiúna a gheobhadh chuige nuair do chonnaic sé bean uasal fé shíoda agus fé shról ag teacht ina threo.(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Mhurchadha
- Gender
- Female
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry