School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Page 135
- XML “I gComhair Bronntanas na hAthbhliana”
- XML “Paidir don Mhaighdin Mhuire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Úrnuighthe do múineadh dom leanbh agus dom féin
Á dúiseadh le dúthracht ar leabaidh na n-éan.
Mo ghluin deas a leigint fúm gan achairt chun Dé
Ar son an úr-mhac a bhí go túiseacht ag sileadh san ngéig.
A Rí na n-Aingeal, na n-Asbol na bhfáidh agus na gcliar,
Íosa a baisteadh ina leanbh is gan é áirighthe blian.
Iad-so atáim ag iarraidh ort, a rí, athair mhic na nGrást,
Bí fial dúinn, tabhair trócaire duinn,
Is ná leig m'anam do'n áirseoir. - Ó Mhaighdean Mhuire cheannsa, cuimhnigh id' aigne
Éinne a tháinigh chughat-sa fé athtuirse,
Agus chuir a mhuinighin asat agus comraighe anama ort,
Nár cloiseadh riamh fós gur chailis air.
Chughat-sa dá bhrígh sin a thagaim-se
Ag éigheamh is ag sgreadaigh ort
Go nglacfá mé im leanbh chughat,
Is mé bhreith saor go flaitheas leat.
Ó a Mháthair an Aon-Mhic ná h-éimhigh m'athchuinge,
Ach fóir agus freagair mé go trócaireach taithneamhach.
Aman.