Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 175
- XML “An Scoláire Bocht agus an Feirmeoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí san go maith. D'imthigh an scolaíre bocht leis féin, agus lean an feirmeoir is a chlann-mhac ag obair. Niorbh' fhada gur phós sé a chlann, bhiodar go léir curtha igcrích aige ach má bhí ní fhágfadh aon duine acu é féin istigh leo.B'éígean do an bóthar do thabhairt air féin agus a mhála déirce ar a dhrom aige. Bhí sé in áit oidche, agus é tugtha go leor is an dorchadas ag tuitim. Thug sé fé ndear tig ingar do agus do dhein é fé-n-a dhéin. An uair sin bhíodh tighthe na sagart beag, cinn tuighe ortha is ní acthneochthá iad thar aon tig eile. Bhuail an feirmeoir bocht isteach, agus cé bhí istigh ach an Scolaíre bocht agus é ina Easbog anois. D'iarr se déírc air is thug an t-Easbog dó í is thug sébheith istigh do leis.D'aithnigh an t-Easbog go maith é, ach nior aithnigh an feirmeoir an t-Easbog in aon chor. Ar maidin labhair an t-Easbog leis:
"An aithnigheann tú mé? ar seisean
"Ní aithnighim" arsa'n sean-duine
"Mise an Scolaíre bocht go rabhais ag magadh fé" arsan t-Easbog. "An cuimhin leat é?"
"Ó, anois is cuimhin" arsa'n sean-duine. "Bhí an roth ag iompodh ar ndóígh, agus feách tá sé iompuighthe anois."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Uí Cheárnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí