Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 140
  3. XML “An Madra Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon oidhche amháin timcheall meadhon-oidhche bhí fear agus a bhean ag dul abhaile le plúr agus min i dtrucaill. Do bhuail fear leo ar an mbóthar. Chuaidh sé anonn chúcha agus thóg sé an bhean as an gcairt agus bhuail sé leis an bhfuip í. Annsan d'iompuigh sé é féin ina mhadra dubh agus labhair sé leis an mnaoi.
    Dubhairt sé lei dul isteach sa chairt airís agus shuidh sé féin ag a cosaibh. Bhí an-eagla ar an mbeirt acu, agus ní raibh fhios acu cad a dhéanfaidís. Chuireadar chum bóthair airís pé'r domhan é agus a gcroidhe ina mbéil acu le scannradh. Dhein an madra dubh comhartha agus dubhairt sé leis an mnaoi dul abhaile gan focal do labhairt.
    "Má chloisim focal uaibh " ar seisean , "tiocfaidh mé airís agus stracfaidh mé as a chéile sibh."
    Annsan d'imthigh sé as a radharc agus chuadar abhaile gan gíog asta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Eibhlís Ní Chinnéide
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dhonnchadha
    Ainmneacha eile
    Bean Uí Dhonnchadha
    Eibhlís Nic Ghearailt
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    78
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí