Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “An Scoláire Bocht agus an Feirmeoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ach bí mo ghearrchaile go dtug sé taithneamh di.
    Go raibh a gruaigín buidhe
    Agus coinnigh do shlataire ag baile agus go dtéighidh sé díot.

    Tá mo shlataire-se beirim-se indeallramh, fuinneamhail, deas áluinn is lasair 'na gruadh
    Is an bramach a dubhairt é ná criochnóchaidh sí an ráíthe
    Is ní gheobhaidh fear is fearr go gcuirfear í in uaig.
    Ach a 'dtiocfadh lá'n aonaigh ceannochais gúna light-blue di agus reál daor deas
    Agus beidh sí ansúid idtig a cúinne
    Fé mar leigfeadh an clubhar í dá n-ais.

    Luigh sí lá ar mo chléibh ní rabhais sa chré
    Nár aoinne beo 'nár' ? taobh
    Do mheallfadh gárlach aon mhná mánla
    Is níor mhair do'n ál ach é.

    A ruacaigh gránda caol níor duit ba cóir di é
    Ach fan dá máthair féín thug suas é
    Is do tháluigh é agus do stuírigh é chun Seipéil Dé.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Uí Cheárnaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí