School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aodhaireacht tighe a bhí annsan amuigh aige. Thógadh sé sa ló e agus bhíodh sé leagaithe roimis tar éis na h-oidhche agus an té a bhíodh á fhaire go mbíodh sé imithe ar maidin. Dubhairt sé go raigheadh.
Cuir corcán leitean agus corcán gruth ar an dteine dom arsa sé. Agus dhein sé mealbhóg agus chuir taobh istig dá chuid éadaig í agus líon do'n leite agus do'n ngruth é. Chuaidh sé anáirde go mullach an tighe. Ní geárr anáirde é nuair a bhraith sé an fothrom fut fat fothrom ar an bhfóidín bhfírineach. "Táthas [?] ann" arsa an fiaghdóirín. "Ní fada bheir" arsa an gaduidhe. "Tóg bog é bí foighneach" arsa an fiaghdóirín.
Bhí cúpla cloch anáirde aige agus leig sé anuas ceann do na clocha ar an dtriúr fathach a bhí thíos, mar bhraith sé iad ag teacht ar ghuailinibh a chéile agus leag sé an chéad dhuine agus mhairbh. Chaith sé ar an tarna fear agus mhairibh.
"Ní foláir nó is diail an gaiscidheach tusa anáirde" arsa an fathach thíos.
"Cath chugam aníos cloch" arsa an fear anáirde agus leigfead=sa síos í na min. Dhein agus tharraing sé a leite agus an gruth as a mhealbhóg agus dhein liathróid do agus chaith síos í.
"Féach an bhféadfá-sa a leithéid sin a dhéanamh anois"(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Sheáin Ach Gearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Márthain, Co. Kerry